An Buinneán Buí

A Bhuinneán Bhuí is é mo chrá do luí
Is do chnámha sínte ar leaca lom'
Is nach dtearn tú díth no dolaidh sa tíare
Is narbh fhearr leat fíon nó uisce poill
Dá gcuirfeá scéala fá mo dhéin
Go raibh tú I ngéibhinn nó I ndeacair iot'
Ó bhainfinnse béI'm ar Loch Mhic an Éin
A fhliuchfadh do bhéal is do bhrollach síos

Ní hiad bhur n-éanlaith atá mé ag éagaoin
An chuach, an traona ná an chorr-bhreac
Ach an Buinneán Buí, a bhí lán de chroí
Is gur cosúil liom féin é I snua is I ndreach
Bhíodh sé ag síoról na dí
Is deir daoine go mbím ar an nós sin seal
Is níl braon dá bhfuighinn nach ligfinn síos
Ar fhaitíos go bhfuighinn féin bás den tart!

Is é 'd'iarr mo stóare orm ligint den ól
Nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr:
Is é dúirt mé léi gur chan sí an bhréag
Nó go mb'fhaide do mo shaol an braon seo a fháil
Nach bhfeiceann tú éan an phíobáin réidh
Go dteachaidh sí in éag den tart ar ball?
Is a dhaoine cléibh, fliuchaigí bhur mbéal
Nó ní bhfuighidh sibh braon I ndiaidh bhur mbáis!

Wissenswertes über das Lied An Buinneán Buí von Clannad

Wann wurde das Lied “An Buinneán Buí” von Clannad veröffentlicht?
Das Lied An Buinneán Buí wurde im Jahr 1980, auf dem Album “Crann Ull” veröffentlicht.

Beliebteste Lieder von Clannad

Andere Künstler von New Age